EalaÍn na Gaeltachta
Nuacht
Deiseanna / Deontais
Imeachtaí Ealaíon
Cuir leis an liosta
Bain den liosta
Seol chuig cara
Teagmháil
Séanadh
 
           The Arts Council Logo
 
Údarás na Gaeltachta Logo
  Feabhra '07
Imleabhar 1 Eagrán 1
 

 

Nuacht

Fáilte chuig ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta.

Mar is eol daoibh tá sriocdháta Scéim Sparánachta agus Scéim Fhorbartha na nEalaíon 2007 Dé hAoine seo chugainn 02 Feabhra. Muna bhfuil bhur n-iarratais istigh fós tá foirmeacha le fáil ó www.ealain.ie

Eolaire Ealaín na Gaeltachta. Tá eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo dírithe ar phobal na Gaeltachta a chuir ar an eolas faoi ealaíontóirí atá sásta seirbhís a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge. Más ealaíontóir tú nó grúpa ealaíona sibh, atá ag feidhmiú in aon cheann de na réimsí ealaíona dúchasacha nó comhaimseartha, agus é ar bhur gcumas seirbhísí ealaíona a sholáthar trí mheán na Gaeilge ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh bhur gcuid sonraí a chur ar Eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo, ar an suíomh www.ealain.ie . Dóibh seo atá cláraithe leis an suíomh cheana féin is deis é seo chomh maith le bhur sonraí a thabhairt suas chun dáta. Téigh i dteagmháil linn ag 091/503220  nó seol chugainn iad ag ealain@udaras.ie .

Thíos luaite tá nuacht, deiseanna, ceardlanna agus imeachtaí éagsúla.

Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie freisin má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.

Deontais/Deiseanna


An Chomhairle Ealaíon:

€2 Mhilliún ar fáil do Chamchuairteanna D'fhógair an Chomhairle Ealaíon clár nua tamall ó shin a thacóidh le camchuairteanna sna réimsí ealaíne ar fad, arbh ainm dó "Turgnamh na Camchuairte". Is é an spriocdháta d'iarratais don chiste turgnamhach seo ná 23 Feabhra 2007. Fógrófar spriocdhátaí eile do 2007 go luath san athbhliain. Tá sonraí maidir leis na  hiarratais ar shuíomh idirlín na Comhairle Ealaíon faoi láthair Teil: + 353 1 6180 235 Fón póca: +353 87 4108751 Ríomhphost: joe.stuart@artscouncil.ieSuíomh Idirlín: http://www.artscouncil.ie

Spriocdhátaí 2007

Dámhachtain Sparánachta- Chun deis níos mó ama, spáis agus saoirse a thabhairt d'ealaíontóirí díriú ar chleachtas nó corpas saothair a fhorbairt. 2 Feabhra 22 Meitheamh

Tionscadail: Nua Eabhrac. Chun tionscadail a fhorbairt a shíneann thar theorainneacha foirmeacha ealaíne 2 Márta 17 Lúnasa

Tionscadail: Aonuaire. Cur ar chumas daoine aonair nó eagraíochtaí tionscadail aonuaire a chur ar bun. 2 Márta 17 Lúnasa

Coimisiúin Comhpháirtíocht chruthaitheach a spreagadh idir raon éagsúil coimisinéirí agus ealaíontóirí 23 Márta 21 Meán Fómhair
Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200         

An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta - Spriocdháta leanúnach

Dámhachtain Taistil & Oiliúna Múnlú agus forbairt ghairmiúil a fheabhsú; deiseanna líonraithe a spreagadh; cuimsíonn an dámhachtain seo an dámhachtain Taistil & Soghluaisteachta agus an Dámhachtain Forbartha agus Oiliúna Gairmiúla. Leanúnach                   

Scéim na bhFéilte Beaga:  Dé hAoine 9 Márta 2007 5.30pm
(le haghaidh féilte/ imeachtaí a tharlóidh sa dara leath de 2007) Regina O'Shea,
Feidhmeannach DeontasTeil: 01 618 0260 R.phost: smallfestivals@artscouncil.ie                                                  

DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach

Deiseanna eile:

Áras na Scríbhneoirí: Tugtar cuireadh do scríbhneoirí nua agus bhunaithe iarratas a sheoladh isteach maidir le húsáid spásanna stiúdió an Árais thar tréimhse aontaithe i 2007.  Seol bhur n-iarratais ag cur síos ar do thionscnamh maroan le C.V chuig An Stiúrthóir, Áras na Scríbnheoirí 19 Chearnóg Pharnell, Baile Áth Cliath 1,riamh phost: info@writerscentre.ie

Foláireamh – Spriocdháta do dheontais  Cultúr Éirinn 15 Feabhra 2007 http://www.cultureireland.com

Cultúir 2007  -2013 togra maoinithe an tAontas Eorpach fógraithe anois. Foirmeacha iarratais, spriocdhátaí eile, agus eolas ar fáil faoi láthair ón  ngréasáin  http://deadline.culture.info An Chéad spriocdháta eile 28 Feabhra 2007.

Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe: Duais scripte gearr scannáin 2007:  Scripteanna úr a léiríonn fís maith scannánaíochta agus léargas Éireannach. Fáilteofar roimh scripteanna  suas go 15 nóiméad ar fhaid. Ceithre dhuais a bhronnfar  ó chiste €38,000 chomh maith le  húsáid áiseanna an ionaid. Tuilleadh eolais ó Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe, Spriocdháta  23 Feabhra 2007 091/770748 info@galwayfilmcentre.ie

Music Network: An Éireannach tú nó an bhfuil tú lonnaithe in Éirinn agus ag seinnt ceoil ar chaighdeán gharimiúil? An mbeadh spéis agat/do ghrúpa/ensemble leas a bhaint as tacaíocht airgid chun tógra (nó tionscanaimh) ceoil ar leith, nó turas ceolchorimeacha a chur i ngníomh? Más ea, seans go bhfuil tú i dteideal maoiniú do chuid Duais an Gréasán Ceoil i Leith Léiriúcháin (more production) agus Turais Ceoil. Na haidhmeanna atá leis an scéim seo ná

  • Breis deiseanna fostaíochta a thabhairt do cheoltóirí stáitse in Éirinn.
  • Bonn scileanna na gceoltóirí a fhorbairt i taobh conas tionscanamh a eagrú, riaracháin, conas féin poiblíocht a dhéanamh, agus féin bhainistíocht.
  • Foinse nua a ofráil i gclárú ceoil i ngach genre do bhunaitheoirí, agus do luchtanna féachanna ar fun na héireann.
  • Glacfar le hiarratais ar thionscanaimh a bhaineann le léiriúcháin agus turais ceoil, sraitheanna léiriúcháin in ionad amháin nó níos mó, agus léiriúcháin aonair. Le breis eolais a fháil, nó chun pacáiste eolais a fháil, deán teagmháil le Music Network , An Coach House, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 2.Fón: (01) 671 9429 nó téigh ar an suíomh idirlíon www.musicnetwork.ie Spriocdháta 19 Feabhra

Coimisiún Croalacháin na hÉireann Fuaim agus Fís – Scéim Maoinithe Craolacháin. Maoiniú ar Scéimeanna Speisialta. Tugtar tacaíocht do chláir nua teilifíse nó raidió a bhaineann le cultúr, oidhreacht agus taithí na hÉireann, litearthacht d’aosaigh agus cláir den sórt sin trí Ghaeilge.Tuilleadh eolais www.bci.ie http://www.bci.ie/gaeilge/documents/special_schemes_sep06_irish.pdf

Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge: Coimisiúin Ealaín Pobal
Tá Iontaobhas Ealaíne Phort Láirge i gcomhar le hOispidéal Réigiúnach Phort Láirge  ag tairiscint Coimisúin d’ealaíontóirí a mbeadh suim acu oibriú ar  choimisiúin  beaga ealaíon san oispidéal seo.  Buiséad €3,000 go €20, 000 atá i gceist leis. Tuilleadh eolais ó  Mary Grehan, Iontaobhas Ealaíne Phort Láirge, Waterford. T: 051 842664. R: WHAT@maila.hse.ie.
Spriocdháta , 23rd Feabhra  2007 4 i.n

Moladh an Cheoil: Duais mar cheiliúradh ar úsáid agus múineadh an cheol i mbunsoileanna agus Meánscoilanna na tíre. Tá dhá mór dhuais le bronnadh:

* Dearbhán  €3,000  d’uirlisí Ceol  Yamaha  an phríomh dhuais do bhunscoileanna

* Dearbhán  €3,000  d’uirlisí ceol Yamaha  an príomh dhuais do mheánscoileanna.

Spriocdháta na n-iarratais Dé hAoine 16  Márta 2007 agus iad a sheoladh chuig  Moladh an Cheoil, RTÉ lyric fm, Cornmarket Square, Luimneach.

Tuilleadh eolais, crítéir iontrála freisin ó  The Lyric Breakfast agus  breakfast.lyricfm@rte.ie

VAI
Beidh ionadaí Visual Arts Ireland Aideen Barry ag reachtáil seisiúin eolais in ionaid ealaíon éagsúla,  agus i ngailearaithe in Iarthair  na tíre chun spreagadh agus áisitheoireacht a dhéanamh ar chlár agus ar sheirbhísí VAI. Beidh sí i nGaillimh, Maigh Eo, Sligeach, Ros Comain agus Liatrom Tuileadh eolais ó Áras  Ealaíne na Gaillime  ag 091 565886 nó
aideenbarry@gmail.com nó 087 7413381:

Imeachtaí Ealaíon

"Gáire 'gus Caoineadh ó Luan go hAoine" Dráma nua-scríofa ag Seán T. Ó Meallaigh do Fíbín, ina bhfuil chúig dhán ó churaclam na Gaeilge

( Níl aon Ní, An Gealt, Jack, Faoiseamh a Gheobhadsa agus Bímse Buan ar Buairt)  ceangailte le chéile ins na heachtraí a tharlaíonn do Róise, Máirtín, Jacques, Bertie agus Pádraig.. Feicfidh sibh na dánta i gcomhthéacs nár shamhlaigh aon scoláire riamh dóibh - comhthéacs ábhartha spraíúil nua-aimseartha!

Áirithintí  agus  breis eolais ó Thaibhdhearc na Gaillimhe atá ag tabhairt an-tacaíocht do Fíbín leis an léiriú seo. Is féidir leat glaoch orthu ag 091 563600 nó féach ar www.fibin.com

Scoil Cheoil an Earraigh 2007 21 – 25 Feabhra 2007- Deireadh seachtaine ceoil a dhéanann ceiliúradh ar stíl ceoil agus ar chultúr Chorca Dhuibhne.

Ceolchoirmeacha:Dhá cheolchoirm iontach, Dé hAoine & De Sathairn le ceoltóirí don scoth as gach cearn don tír. An boscadóir Joe Derrane ó Mheiriceá ag teacht go hÉireann le bheith ag ceolchoirm an tSathairn. Ní bhíonn an deis ag daoine Joe a chlos go minic, agus sé seo a chéad chuairt ar Chorca Dhuibhne.

Dé Céadaoin - Ocsailt oifigiúil le Matt Cranitch & Oíche amhránaíochta ag Club an Mháistir le Ciarán Ó Gealbháin as na Déise.

Déardaoin – Léacht le Nicholas Carolan ó Thaisce Ceol Dúchas na hÉireann, ar bhailiúchan ceoil an Canónach James Goodman, le ceol ón bpíobaire Mick O’Brien.

Beidh na ranganna ar siúl ar feadh 3 lá, ó Dhéardaoin go Satharn in ionaid éagsúla i mBaile an Fheirtéaraigh óna 1000 go dtína 1300.  Beidh ranganna ar fáíl sna huirlisí éagsúla (Bosca ceoil, Vidhlín, Feadóg Mhór, Píob Uileann, Feadóg Stán, Bodhrán, Guitar, Consairtín agus don chéad uair, beidh rang ar fáil  ar mbanjó i mbliana, le Fidelma O’Brien. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus rince ar an sean-nós againn chomh maith.Gach eolais le fáil ach glaoch ar  086 8185964 nó ríomhphost a sheoladh ag 2007@scoilcheoil.com. www.scoilcheoil.com    Eolas faoi lóistín: Óstán Cheann Sibéal 066 91556433 www.ceannsibealhotel.com

Éigse na Brídeoige  2007: Locha agus Aibhnte Uíbh Ráthaigh 02 - 04 Feabhra. San Éigse seo, beimid ag díriú ar locha agus aibhnte Uíbh Rathaigh, go háirithe ar Loch Luíoch, nó Loch Coireán mar is coitianta anois, chomh maith le Abhainn na hAoine agus Abhainn an Chumaraigh. Tá saibhreas oidhreachta thar na beartaibh san abhanntracht seo, go háirithe ó thaobh miotaseolaíochta, seandálaíochta, béaloideasa, staire, naomheolaíochta agus mar sin de, agus, dar ndóigh ó thaobh na mbradán a bhí mar bhonn eacnamaíochta agus turasóireachta le fada an lá. Beidh ceol, amhránaíocht agus comhrá fite fuaite tríd imeachtaí na deireadh seachtaine.

An Díseart: Féile Bhríde: Beidh Seoladh Leabhair - Ceiliúradh 50 Bliain An Sagart ar 2ú Feabhra 2007; beidh léacht á thabhairt ag Domhnall Mac a' tSíthigh ar an 2ú Feabhra sa Díseart i ndiaidh an seoladh; beidh Nuala Ní Dhomhnaill ag eagrú céardlainn filíochta ar an 3ú Feabhra ag 11.00 am sa Díseart agus beidh Léamh Filíochta á eagrú do 3.00 pm ar an Satharn. I measc na filí cailiúla beidh an Pádraig O Fiannachta, Bríd Ní Mhóráin agus Nuala Ní Dhomhnaill. Beidh Aifreann Speisialta á cheilúradh ag an Mons. O Fiannachta ag ceilúradh na n-ealaíon. Maria Ní MhurchúFón póca: 086-8870478

Scríbhneoir Cónaitheach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh do 2007: Tá Seamas Mac Annaidh, ceaptha mar Scribhneoir Cónaitheach in Ollscoil na hÉireann Gaillimh do 2007. Beidh sé ar fáil le haghaidh ceardlanna, leachtaí, leitheoireachtaí agus srl san ollscoil agus sa cheantair maguaird, Is féidir le daoine dul i dteagmháil leis ag smccanny@hotmail.com 

Amhránaí Cónaitheach, Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh :Tá Micheál Ó Cuaig ceaptha mar Ámhranaí Sean - nóis Cónaitheach 2007. Tuilleadh eolais ó Ionad an Léinn Éireannaigh 091/52441.

Ionad Cultúrtha Baile Bhúirne: 09.02.07 - Michael O Raghallaigh agus Cyril O Donoghue 23.02.07 - Ceol Classiceach veidhlín agus pianao le Jonathan Evans Jones (seinnteor ' Nearer my God to thee' ar an scannán Titanic!) agus Ciara Moroney Tosnaíonn ceolchoirmneacha ar 8.30 Tuilleadh eolais agus imeachtaí eile ó www.ionadculturtha.ie 

Acadamh Fódhla Cruinníotar dáibhimh an Acadaimh mar seo leannas: Dáimh Talamhaíochta An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Máirt  8:00

Dáimh Amhránaíochta Dhúchasach.   An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Dé Ceadaoin 9:30 Dáimh Staire Dhúchasach, An Bialann sa Mhuilean, Baile Mhuirne gach Déardaoin  8:00Fáilte roim baill nua.

Cór Chúil Aodha:Cleachtadh gach Luan 9:00 sa Draighean.Fáilte roimh baill nua ach tú féin do chur in iúil tar éis Aifrinn aon Domhnach i gCúil Aodha.

Cór Ban Chúil Aodha. Cleachtadh gach Ceadaoin 8:00 Ionad Culturtha Bhaile Mhuirne.Fáilte roim baill nua ach teacht  chun cleachtadh.

Ceardlann Scríbhneoireachta: Comhléamh & Cóimheastóireacht le cúnamh ó: Foras na Gaeilge Stiúrthóirí: Pádraig Ó Snodaigh, foilsitheoir, file, staraí Mícheál Ó Ruairc, file agus gearrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir Feasta. Satharn, 17 Feabhra 2007: Áras na nGael,45 Sráid Doiminic, Gaillimh 10.30a.m. - 5.00p.m. Táille Cláraithe E20. Mic Léinn E5.(Lón san áireamh sa táille. Uaslíon páirteach: 12) Cóipeanna den saothar is mian leat a phlé, dánta, gearrscéal, giota d¹úrscéal, dráma nó eile, go dtí: 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, agus/ nó: Pádraig Ó Snodaigh, Tig Bhríde, 91 Bóthar Bhinn Éadair, Páirc na bhFianna, Binn Éadair, Baile Átha Cliath 13 lena ndáileadh ar bhaill na ceardlainne.

Ceardlann Seite & Damhsa ar an sean-nós Dé Sathairn 10 Feabhra 2007 – Ceardlann Seite le Mick Mulkerrin & Mairéad Casey Óstán na Páirce, An Spidéal  -  10.30 – 5.00 Céilí Mór – Coláiste Chonnacht 9.30 – 1.00 Banna Cheoil An Tula.

Dé Domhnaigh 11 Feabhra 2007  -  Ceardlann Damhsa Sean-nóis le Pádraic Ó hOibicín Óstán na Páirce – 10.30  - 1.00 i.n. Céile Mór – Coláiste Chonnacht – 3.00 – 6.00. Johnny Connolly & a chairde. Eolas:  An Gaelacadamh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net

Folúntais

Amharclann na Cathrach, Gaillimh: Bainisteoir/ /Riarthóir á lorg ar chonradh trí bliana

Cáilíochtaí 3 bliana ar a laghad ag bainistiú Amharclann nó eagrais mór ealaíne eile

Fios maith ar ghnó Amharclanna na tíre

Taithí chuimistheach ar bhainistiú buiséid agus ar chúrsai airgeadais

Suim agus ábaltacht oibiú le réimse leathan eagrais, (gairmiúl agus aimitéireach )

Comórtais

Comórtas Gearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain

Comórtas nua gearrscéalaíochta á riaradh ag an nGaelacadamh Teo., An Spidéal agus urraithe ag Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe.  Tá an comórtas seo á eagrú le glúin óg cainteoirí Gaeilge a spreagadh le dul i mbun pinn le tógál ar an mbunchloch a leag Ó Cadhain chomh paiteanta sin.

Tá dhá roinn sa chomórtas  -

  • Roinn A  -  17 – 35 bl.  -  duais  -  €1,500
  • Roinn B  -  Daltaí Iarbhunscoile  -  €500

Is leor 3,000 focal ach féadfaidh na moltóirí aon saothar níos mó ná níos lú ná sin a chur san áireamh.  Beidh Cló Iar-Chonnachta ag foilsiú na ngearrscéalta a mbeidh caighdeán sách ard iontu.

Spriocdáta:  Lá Bealtaine 2007

Rialacha & Foirm Iarratais:  An Gaelacadamh, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. 091-553124 nó caitrionanioibicin@eircom.net

Aras na scríbhneoirí http://www.writerscentre.ie/centre/index.htm Comórtais an Árais. http://www.writerscentre.ie/competitions/index.htm

Taispeántais

Taispeántas Ealaíon Feabhra i nDánlann Joan Clancy, An Rinn:  Dánlann uathúil Phort Láirge  Taispeántas Feabhra 07 – Ealaín ó Rayleen Clancy, Suzy O’Mullane, Blawnin Clancy, Sheenagh Geoghegan, Michael Mulcahy,  Sinéad Ní Chionaola, Leah Murphy, Sandra Norris, Wishy Martin, John Cullinan, Katarzyna Gajewska, Mary Grehan agus daoine eile.Beidh Taispeántas Feabhra 07 ar siúl i nDánlann Joan Clancy ar an Satharn 10 Feabhra agus Domhnach 11 Feabhra. Oscailte ó 11 – 5 i.n. agus trí choinne a dhéanamh.

Is as Gaeltacht Phort Láirge do Blawnin Clancy, Rayleen Clancy and Leah Murphy, agus sí an Ghaeltacht foinse inspioráide a gcuid saothair i dTaispeántas Feabhra 2007 i nDánlann Joan Clancy.  Eolas: (086) 813 4597  info@joanclancygallery.com      www.joanclancygallery.com

 

Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise

JMI - Iris Ceoil na hÉireann. Iris chuimsitheach le haltanna suimiúla maidir le chuile genre ceoil sa tír. Tá eagrán Samhain/Nollaig ar fáil anois. Tuilleadh eolais ó http://www.thejmi.com

Cinegael - Tá  saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil don chéad uair ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.

Ar Lorg Shorcha (OS) TG4 Dé Céadaoin 21.30 i.n
Cuirtear síos sa chlár seo ar Shorcha Ní Ghuairim. D’fhág sí Conamara sna 1930idí agus bhí cáil uirthi mar amhránaí sean-nós den scoth agus mar léachtóir i gColáiste na Tríonóide sula bhfuair sí bás i Londain sna 70idí.

Soiscéal Pháraic 8 i.n gach Déardaoin ar TG4.  Tá Soiscéal Pháraic ar an bhfód le ceithre shéasúr anois agus is é an taon chlár ealaíona sa tír a bhfuil á chraoladh ag príomh am ar an dteilifís. Clár seachtainiúil léirmheasa ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus a mbaineann leis. Is é Páraic Breathnach a bhíonn sa chathaoir agus ní chuireann sé féin ná a phainéal saineolaithe fiacail ina mbreithiúnas. Tagann idir ealaín, institiúidí, eagrais, údair agus ealaíontóirí faoina mbreithiúnas agus beidh tuairiscí rialta ó gach cearn den tír ar fáil i gcláir an tséasúir seo mar aon le hoirfidigh stiúideo nuair a bhíonn sin ar fáil. Leiritheoir Sraithe Martina Durac. Má bhíonn tuilleaadh eolas ni gá ach glaoch ar Loopline Film 01 6676617 nó chur riomhphost ag ssceal@loopline.com.

Taisce Cheol Dúchais Éireann: Tuilleadh eolais ag www.itma.ie nó déan teagmháil leis an Taisce ag 73 Cearnóg Muirfean, Baile Átha Cliath 2 (teil: +353-(0)1-661 9699 faics: +353-(0)1-662 4585).

Gloine Daite Chois Fharraige - Ceardlanna   Gloine Daite  Tosnaitheoirí agus Feabhsaitheoirí  Cúrsa A 3/4 Feabhra, 3/4Márta 3 / 4 10 r.n  - 1 i.n  Dé Sathairn  & Dé Domhnaigh . Gach eolas – 091 593719 /087 7937235

Creative Edge (Audio)I ris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl. Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon

http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir leis na healaíona

http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/ Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie - eolas agus cúrsaí úsáideach maidir leis na healaíona agus gnó.

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh