EalaÍn na Gaeltachta
Nuacht
Deiseanna / Deontais
Imeachtaí Ealaíon
Cuir leis an liosta
Bain den liosta
Seol chuig cara
Teagmháil
Séanadh
 
           The Arts Council Logo
 
Údarás na Gaeltachta Logo
  Lúnasa2006
Imleabhar 1 Eagrán 5
 

 

 

Nuacht

Fáilte chuig an gcúigiú eagrán de Ríomhlitir Ealaín na Gaeltachta. Bíonn fáilte againn roimh eolas agus ceisteanna i gcónaí. Tá nasc ar chlé má tá scéilín agat nó má tá fonn ort ceist a ardú linn.

Ag cloí le na riachtanaisí a d'eascair ón gComhpháirtíocht ar son na nEalaíon tá an Chomhairle Ealaíon tar éis athraithe agus deiseanna nua d'ealaíontóirí agus d'eagrais ealaíne a fhógairt.

Foláireamh: Spriocdhátaí iarratais i gcomhair mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon
Dámhachtainí agus Maoiniú Ioncaim Reatha

STFCEC II/ACCESS II - Is mian le John O’Donoghue, T.D Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Dara scéim Tacaíochta Feabhais Chaipitil na nEalaíon agus Cultúir (STFCEC II) a bheidh i bhfeidhm ó 2007 go 2008 a fhógairt.

Faigheann an tAire Cowen an chéad chóip den Treoir do Chomhaltaí Boird Eagraíochtaí EalaíneThug an tAire Airgeadais, an tUas. Brian Cowen TD, cuairt ar oifigí na Comhairle Ealaíon i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ar 19 Iúil, agus bronnadh air an chéad chóip d'fhoilseachán nua dar teideal Treoir Phraiticiúil do Chomhaltaí Boird Eagraíochtaí Ealaíne.

Tá Dréachtplean Ealaíne ó Chomhairle Contae Chiarraí á scaipeadh faoi lathair. Is féidir cóipeanna a fháil ón Rannóg Ealaíon, Comhairle Contae Chiarraí, Trá Lí, nó ó oifig Ealaín na Gaeltachta sa Daingean. Cuirfear  fáilte riomh tuairimí i scríbhinn roimh an 18ú Lúnasa, 2006 .

Tá muid ag cur snasa ar Eolaire Ealaíon an suímh www.ealain.ie faoi láthair. Má tá aon athrú tagtha ar do shonraí le tamall anuas, seol chugainn iad. Mura bhfuil do shonraí againn agus más mian leat iad a chuir suas ar an suíomh, téigh i dteagmháil linn.

 Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie má tá aon bhlúirín eolais agat go mba mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.

Tairiscintí á Lorg le haghaidh Seirbhísí Aistriúcháin Gaeilge


Deontais/Deiseanna

STFCEC II/ACCESS II - Is mian le John O’Donoghue, T.D Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, an Dara scéim Tacaíochta Feabhais Chaipitil na nEalaíon agus Cultúir (STFCEC II) a bheidh i bhfeidhm ó 2007 go 2008 a fhógairt. Déanfar tograí maidir le forbairt áiseanna ealaíona agus cultúir a mheas do mhaoiniú faoin scéim agus tabharfar tosaíocht do fheabhsú agus athchóiriú ar áiseanna nuathógtha a mheas. Tá foirmeacha iarratais maidir le treoirlínte, téarmaí agus coinníollacha ar fáil ar shuíomh ghréasáin an Roinne ag www.dast.gov.ie nó trí iarratas r-phost go dtí ACCESS@dast.gov.ie nó glaoigh ar 01 6313912. Glacfar le hiarratais ó Deiraedh Fómhair 2006 go dtí Samhain 2006.
http://www.artscouncil.ie/library/downloads/BoardMemberGuidelines.pdf

DEIS Ag cloí leis an gComhairle Ealaíon, táthar fós ag glacadh le hiarratais sna hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ieSpriocdháta: Leanúnach

Seirbhísí Aistriúcháin Ghaeilge Is mian leis an gComhairle Ealaíon, foras forbartha na n-ealaíon á tacú ag Rialtas Éireann, conradh seirbhísí aistriúcháin Ghaeilge a bhronnadh ar chuideachta nó ar dhuine aonair. Mairfidh an conradh ó Dheireadh Fómhair 2006 go Meán Fómhair 2009. Tuilleadh eolais ón gComhairle EalaíonTeil: +353 1 618 0279 Facs: +353 1 676 1302 . Is é an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais 12:30in Dé Luain, an 21 Lúnasa 2006.

Scéim Thaifeadta Ceoil á Tairiscint ag Music Network
D'fhógair Music Network sonraí a Scéime Taifeadta Ceoil. Scéim aonuaire don bhliain 2006 is ea í atá maoinithe ag an gComhairle Ealaíon in ionad na Scéime Taifeadta Ceoil a bhí ag an gComhairle Ealaíon féin. Cuirfidh an scéim tacaíocht ar fáil do thaibheoirí agus do chumadóirí gairmiúla in Éirinn agus cuirfidh maoiniú ar fáil le haghaidh taifeadadh ceoil.
Tá €71,500 sa chiste dámhachtainí don bhliain 2006 agus bronnfar dámhachtainí suas le €10,000. Tá an scéim oscailte d'ealaíontóirí ceoil gairmiúla, do chumadóirí aitheanta a shaothraíonn an ceol comhaimseartha, an snagcheol nó ceol sainiúil éigin eile, agus do thaibheoirí aitheanta gairmiúla ar mian leo píosaí den repertoire a thaifeadadh.Chun pacáiste iarratais agus treoirlínte a ordú: Fón: +353 1 671 9429 R.phost: admin@musicnetwork.ie Íoslódáil pacáiste iarratais agus treoirlínte: http://www.musicnetwork.ie

Duais an Gréasán Ceoil i Leith Léiriúcháin (more production)  agus Turais CeoilAn Éireannach tú nó an bhfuil tú lonnaithe in Éirinn agus ag seinnt ceoil ar chaighdeán gharimiúil? An mbeadh spéis agat/do ghrúpa/ensemble leas a bhaint as tacaíocht airgid chun tógra (nó tionscanaimh) ceoil ar leith, nó turas ceolchorimeacha a chur i ngníomh?Más ea, seans go bhfuil tú i dteideal maoiniú do chuid Duais an Gréasán Ceoil i Leith Léiriúcháin (more production)  agus Turais Ceoil. Na haidhmeanna atá leis an scéim seo ná

  • Breis deiseanna fostaíochta a thabhairt do cheoltóirí stáidse in Éirinn.
  • Bonn scileanna na gceoltóirí a fhorbairt i taobh conas tionscanamh a eagrú, riaracháin, conas féin poiblíocht a dhéanamh, agus féin bhainistíocht.
  • Foinse nua a ofráil i gclárú ceoil i ngach genre do bhunaitheoirí, agus do luchtanna féachanna ar fun na héireann.
  • Tá maoiniú  €65,000 ar fáil i 2006.  Glacfar le hiarratais ar thionscanaimh a bhaineann le léiríúcháin agus turais ceoil, sraitheanna léiriúcháin in ionad amháin nó níos mó, agus léiriúcháin aonair.  Tá an duais seo oscailte to léiritheoirí i ngach genre ceoil, agus tá sé oscailte do thoinscanaimh il-gnéitheacha a bhfuil an ceol bheo ar an stáitse mar chuid lárnach don tionscanamh iomlán.

Le breis eolais a fháil, nó chun pacáiste eolais a fháil,Deán teagmháil le Eimear Chaomhánach, Riarathóir Cláracha LéiriúcháinAn Gréasán Ceoil, An Coach House, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 2.Fón: (01) 671 9429Faics: (01) 671 9430ríomh-phost Eimear Chaomhánach, Performance Programmes Administrator, Music Network, The Coach House, Dublin Castle, Dublin 2.nó téigh ar an suíomh idirlíon www.musicnetwork.ie

Caithfidh na hiarratais a bheith ag an Gréasán Ceoil roimh 5i.n. Luain 25th Meán Fómhair (do thionbscanaim a cuircear ar an stáitse I 2007)

youtharts.ie - Ealaíontóir Cónaitheach -Obair Óige. Cothaíonn an deontas seo có-oibriú idir ealaíontóirí Proifisiúnta agus daoine óga taobh amuigh den chóras foirmeálta oideachais. Tugann sé an deis do dhaoine óga taitneamh a bhaint as agus rochtain a fháil ar an ealaín agus iad ag obair le healaíontóir proifisiúnta. Spriocdháta 5 i.n Déardaoin 21 Meán Fómhair 2006.

Deontas forbartha na nEalaíon do dhaoine óga - Tugann sé seo deis forbairt fhadtéarmach a chothú maidir le healaíona óige. An sprioc atá leis ná chomhpháirtíocht a chothú idir eagrais áitiúla. Spriocdháta: 5pm Dé Luain 4 Meán Fómh air 2006.Inquiring minds. Comórtas do dhaoine óga bunaithe ar phíosa ealaíona. Tuilleadh eolais:http://www.youth.ie/arts/index.php

An Chomhairle Ealaíon

Tá foinsí maoinithe nua fógrtha ag an gComhairle Ealaíon le haghaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne. Ar cheann de na cuspóirí a tháinig de thoradh na dialóige faoi straitéis nua na Comhairle Ealaíon, Comhpháirtíocht ar son na nEalaíon, bhí athchóiriú na gclár maoinithe chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais na n-ealaíontóirí. Tá deiseanna nua maoinithe á gcur ar fáil aici chun foinsí tacaíochta níos solúbtha a sholáthar d'ealaíontóirí agus d’eagraíochtaí ealaíne. Sa bhliain 2008, tiocfaidh cúig chlár nua maoinithe in áit Ioncaim Reatha, ár bpríomhchlár maoinithe d'eagraíochtaí ealaíne, ach feidhmeoidh Ioncam Reatha mar is gnách sa bhliain 2007.

Maoiniú ioncaim reatha d'eagraíochtaí 2007. Deontais Ioncaim Reatha 2007, glacfar le hiarratais ó Dé Luain 18 Meán Fómhair 2006 go dtí Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair 2006. Tuilleadh eolais le fáil óMary Ellen Greene ar + 353 1 618 0212 r.phost rgu@artscouncil.ie.

Cuirfidh ealaíontóirí spéis sa dámhachtain nua Tionscadail: Dámhachtain Aonuaire, a bheidh á tairiscint ar aon uain le Tionscadail: Dámhachtain Saothair Nua. Ó 2007 ar aghaidh beidh roinnt mórdhámhachtainí eile á dtairiscint níos minice, mar shampla beidh dhá spriocdháta in aghaidh na bliana ag sparánachtaí, tionscadail agus coimisiúin, seachas spriocdháta amháin mar atá faoi láthair. Chomh maith leis sin tá an Chomhairle chun raon níos leithne foinsí tacaíochta a thionscnamh le haghaidh eagraíochtaí ealaíne. Is iad na cúig chlár mhaoinithe a chuirfear in ionad chlár deontas ioncaim na Comhairle Eala íon ná: clár le haghaidh dámhachtainí/tionscadail aonuaire (a d'eascair as an gclár dámhachtainí), scéim na bhféilte beaga, deontais bhliantúil le haghaidh clár, maoiniú bliantúil agus maoiniú rialta d'eagraíochtaí. Eagrófar sraith de chruinnithe eolais réigiúnacha i Meán Fómhair/Deireadh Fómhair chun tuiscint i leith na ndámhachtainí a leathnú.  Tá an t-eolas ar fad maidir leis na na deiseanna seo le fáil ar www.artscouncil.ie. Fón: +353 1 618 0200.

Scéim na bhFéilte Beaga: Iarratais Á Lorg Ceapadh Scéim na bhFéilte Beaga chun tacú le féilte nó imeachtaí beaga ealaíne atá ag lorg maoinithe suas le €20,000. Faoi mar a bhí sna blianta atá caite, beidh dhá bhabhta iarratais sa scéim, d'fhonn freastal ar imeachtaí a tharlaíonn in amanna éagsúla le linn na bliana:

  • Babhta a hAon: 15 Meán Fómhair 2006
  • Babhta a Dó: 9 Márta 2007

Tuileadh eolais ón gComhairle Ealaíon: Fón:+ 353 1 618 0260
R.phost:smallfestivals@artscouncil.ie: Moltar d'iarratasóirí céad uaire dul i dteagmháil le hÚna McCarthy, Clár-Bhainisteoir: Féilte agus Imeachtaí, sula ndéanann siad iarratas.
Fón: + 353 1 618 0272 R.phost: firsttime@artscouncilBabhta a Dó: 9 Márta 2007

Deiseanna eile

Comórtas Idirnáisiúnta Féile Filíochta/ International Poetry Competition 2006

Duais €5,000. Spriocdháta 11 Samhain 2006

Liosta na moltóirí, rialacha agus foirmeacha iontrála le fáil ach glaoch air 01 78 1788/00 353 (1) 278 1792nó ó cpeoples@dlrcoco.ie; mkeyes@dlrcoco.ie

Tuileadh eolais: http://www.dlrcoco.ie/feile/feile06/index.html

Comórtas Filíochta Idirnáisiúnta Arvon 2006, Spriocdháta – Meán Fómhair 15
Tá lucht an Chomórtais Fhilíochta Idirnáisiúnta in Arvon sa Ríocht Aontaithe ag glacadh le dánta i gcomhair Comórtais 2006. Tá an comórtas 25 bliain d'aois anois. Spriocdháta: 15 Meán Fómhair 2006. Cosnaíonn sé £7 dán amháin a chur isteach. £5 atá ar gach dán sa bhreis air sin. Bronnfar duaiseanna sa raon ó £500 go £5000.

Dánta á Lorg le haghaidh Foilseacháin Nua Filíochta atá le Lainseáil ag na White House Poets.
Tosóidh na White House Poets ag foilsiú ráitheachán filíochta ina mbeidh scothdhánta le filí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá an chéad eagrán le foilsiú i nDeireadh Fómhair 2006 agus lainseálfar é le linn Cuisle - Féile Filíochta Idirnáisiúnta Chathair Luimnigh. Tá tacaíocht airgid tugtha don tréimhseachán ag Comhairle Cathrach Luimnigh. Tá treoirlínte maidir le hábhair a chur faoi bhráid na n-eagarthóirí le fáil ar http://revivalpoetrybook.blogspot.com/

Imeachtaí Ealaíon

Tuar Mhic Éadaigh. Beidh ranganna líníochta agus péintéireachta ar siúl, samhradh 2006 le Andrew Newland mar chuid den fhéile 'Ceol na Locha' i dTuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Dé Luain-Dé hAoine 10.00am-1.30p.m. 14-18 Lúnasa 2006. Táille €50 faoi 16, €70 os cionn 16. Ag Coláiste Mhuire, Tuar Mhic Éadaigh, Co. Mhaigh Eo. Reáchtálfar na ranganna trí Ghaeilge. Freastalóidh an cúrsa ar pháistí agus ar dhaoine fásta. Cuimseoidh an cúrsa leagan amach an phictiúir. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó: www.andrewnewland.com/gaeilge/teagasc/ranganna/ceolnalocha/ceolnalocha.html

Ceol na Locha, Tuar Mhic Éadaigh Co. Mhaigh Eo – Scoil Cheoil, Cultúrtha agus Teanga

Dé Luain 14 – Dé hAoine 18 Lúnasa 2006 ceolnalocha@tourmakeady.com

Tionól an Fhómhair/Éigse Shliabh gCua 2006: Reachtálfar Tionól an Fhómhair/Éigse Shliabh gCua ón 8-10 Meán Fómhair 2006 i mbliana, ar an téama “Sliabh gCua - Filí agus Scoláirí”. Seo é an cheathrú bhliain do Chomhairle Contae Phort Láirge an Tionól a reáchtáil agus táan Chomhairle agus Coiste Éigse Shliabh gCua tar éis teacht le chéile chun ócáid na bliana seo á reáchtáil mar chomhfhiontar.Chun clárú don Tionól, nó chun tuilleadh eolais a fháil is féidir teagmháil a dhéanamh le: Máire Seosaimhín Breathnach, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae Phort Láirge: (058) 20884 nó msbreathnach@waterfordcoco.ie.

Ceol Nis agusPléaráca
Tá grúpa ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaitheas Conamara ag tabhairt aghaidh ar Oileán Leodhais le bheith páirteach san Fhéile “Ceol Nis”. Beidh an fhéile ar siúl ón 1–5 Lúnasa. Beidh coirmcheoil le muintir Chonamara i gClub Sóisialta Nis ar an Déardaoin an 3 Lúnasa. Tá teacht le chéile mhór i mbliana ag clann Morrison agus beidh an grúpa as Conamara ag dul go Harris freisin le bheith páirteach sa cheiliúradh.

Féile an Dóilín. - Féíle Mara Chonamara, An Cheathrú Rua Co na Gaillimhe Déardaoin 6 Lúnasa - Dé Domhnaigh 6 Lúnasa

Féile Cultúir an Domhain: www.festivalofworldcultures.com- Dún Laoghaire, Dé hAoine 25 – Dé Domhnaigh 27 Lúnasa.Ceol, damhsa, ceardlanna, taispeántais, imeachtaí do ghasúir agus go leor eile.

 

Taispeántais

Taispeántas “Samhraidh 2” le Bob Ó Cathail ag tosú ag 7.30 Dé Satharn, an 5ú Lúnasa in Eaglais Naomh Shéamais, An Phríomhshráid, An Daingean, Co. Chiarraí agus ag leanúint ar aghaidh ar feadh coicíse go dtí an 19ú. Breis eolais: cuir glaoch ar Fón/Faics:- 066 9159716

Beidh an taispeántas 'Sealladh', pictiúir ó Éirinn & ó Albain le Andrew Newland ag dul goLorient sa Bhriotáin mar chuid den36ú Festival Interceltique Lorient.L'Hôtel Gabriel, Lorient.
Eagraithe mar chuid den 36úFestival Interceltique Lorient: 29 Iúil - 6Lúnasa 2006.

Taispeántas “Samhraidh 2” le Bob Ó Cathail ag tosú ag 7.30 Dé Satharn, an 5ú Lúnasa in Eaglais Naomh Séamas, An Phríomhshráid, An Daingean, Co. Chiarraí agus ag leanúint ar aghaidh ar feadh coicíse go dtí an 19ú. Breis eolais: cuir glaoch ar Fón/Faics:- 066 9159716.

Gailearaí nua i gConamara - Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Casla Conamara. www.stronachgallery.com

Tír Chonaill. Beidh Taispéantais Ealaíne le pictiúir ó bhaill den phobal a d’fhreastail ar ranganna i rith na bliana le tacaíocht ó Chlár Oideachais Pobailan Choiste Ghairmoideachaisar siúl i gcúig cinn d’Oifigí Seirbhísí Poiblí na Comhairle Contae i rith Mhí Iúil. Is iad na h-ionaid atá i gceist na an Clochan Liath, Leitir Ceanainn, Baile Dhún na nGall, Carn Domhnaigh agus Baile na nGallógach.

Spéir na Mara- Pictiúir nua le Helen Comerford.Áras Éanna, Inis Oírr 5 -23 Lúnasa 2006

 

Folúntais

Scríbhneoir Cónaitheach Chathair na Gaillimhe, Spriocdháta - 18 Lúnasa
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg iarratas le haghaidh phost an Scríbhneora Chónaithigh.Mairfidh an chónaitheacht ar feadh seal sé mhí ag tosú i Meán Fómhair 2006 agus táthar ag súil go gcaithfidh an scríbhneoir ar a laghad 20 uair an chloig in aghaidh na seachtaine i mbun an phoist.

Seoltar iarratas roimh 4pm Dé hAoine 18 Lúnasa go dtí;
Comhairle Cathrach na Gaillimhe, An Rannóg Acmhainní Daonna
Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh

Tuilleadh Eolais
Oifig Ealaíne na Cathrach
Teil: +353 91 536 546
R.phost: jharrold@galwaycity.ie

Bainisteoir Ceolfhoirne / Leabharlannaí Á Lorg ag Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Spriocdháta - 8 Lúnasa
Táthar tar éis an spriocdháta iarratais a shíneadh go dtí Dé Máirt 8 Lúnasa.
Tuilleadh eolais agus sonraí iarratais
Ceolfhoireann Aireagail na hÉireann, Ollscoil Luimnigh, Luimneach, ÉireannR.phost: ico@ul.ie Gréasán: http://www.irishchamberorchestra.com/

Ceannaire Cruthaitheach Nua Á Lorg ag an Téatar Ríoga, Port Láirge, Spriocdháta - 8 Lúnasa Tuilleadh Eolais
Aisling White Fón: +353 51 853626 R.phost: admin@theatreroyalwat erford.com

Bainisteoir Ginearálta Á Lorg ag an gCompántas Amharclannaíochta Oideachais, TEAM, Spriocdháta - 11 Lúnasa Nó cuir le teachtaireacht r.phoist é go dtí:info@teamtheatre.ie Tuilleadh Eolais Gréasán: http://www.teamtheatre.ie

Clár-Stiúrthóir, Féile Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath, Spriocdháta - 25 Lúnasa
Is é an spriocdháta iarratais ná Dé hAoine 25 Lúnasa.Tuilleadh eolaisTeil: +353 1,222 5455 R.phost: catherine.neville@dublincity.ie

 

Oiliúnt

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: Cúrsa nua san Aisteoireacht trí Ghaeilge. Beidh cúrsa spreagúil á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i réimse na haisteoireachta ar an gCeathrú Rua an bhliain seo chugainn. Is cúrsa an-phraiticiúil a bheidh ann a thabharfaidh oiliúint san aisteoireacht agus sa phuipéadóireacht agus beidh deis ag baill an chúrsa a gcuid scileanna a chur i bhfeidhm nuair a chruthóidh siad dráma le chéile. Glacfar le suas le fiche duine ar an gcúrsa. Ní gá taithí aisteoireachta a bheith ag iarratasóirí. Ní mór iarratas a dhéanamh go luath le háit a chinntiú. Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoin gcúrsa cuir glaoch ar: Nora Nic Con Ultaigh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag 091 495381 nó seol ríomhphost chuig nora.nicconultaigh@oegaillimh.ie

IADT: Cúrsa Iarchéime. Dioplóma i mBainistiú Imeachtaí Cultúrtha – Bliain amháin dhá lá in aghaidh na seachtaine Ábhair: Bainistiú straitéiseach, cúrsaí dlí, cuntasaíocht, pearsanra agus bainistiú foirne. Tuilleadh eolais ó: The School of Business and Humanities Institute of Art, Design and Technology, Kill Ave., Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath T: 01 2144 764.
 sylvia.wrynn@iadt.ie. Spriocdháta - 31 Lúnasa 2006

 

 

Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise

Faigheann an tAire Cowen an chéad chóip den Treoir do Chomhaltaí Boird Eagraíochtaí EalaíneThug an tAire Airgeadais, an tUas. Brian Cowen TD, cuairt ar oifigí na Comhairle Ealaíon i gCearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2 ar 19 Iúil, agus bronnadh air an chéad chóip d'fhoilseachán nua dar teideal Treoir Phraiticiúil do Chomhaltaí Boird Eagraíochtaí Ealaíne. Is í aidhm an fhoilseacháin eolas a chur ar fáil a chabhróidh le ceannaireacht éifeachtach a fhorbairt i measc comhaltaí boird san earnáil ealaíon. Ar na hábhair a chlúdaítear tá: struchtúr dlíthiúil, ról an bhoird, cad is 'bord maith' ann, dualgais dhlíthiúla na gcomhaltaí boird agus caidreamh an bhoird leis an bPríomhfheidhmeannach. Is féidir cóipeanna de Treoir Phraiticiúil do Chomhaltaí Boird Eagraíochtaí Ealaíne a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon ar http://www.artscouncil.ie/library/downloads/BoardMemberGuidelines.pdf

http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm

l

An Chomhairle Ealaíon

http://www.vaireland.org

Suíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona

http://www.visualartists.ie/

Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona

http://www.poetryireland.ie

Suíomh Éigse Éireann.

http://www.communityartsireland.com/

Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.

http://www.aoifeonline.com

Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte

http://www.cultureireland.gov.ie

Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa

http://www.business2arts.ie

http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh