|
Nuacht
Fáilte chuig eagrán a hocht de Ríomh-litir Ealaín na Gaeltachta. Bíonn fáilte againn roimh eolas agus cheisteanna i gcónaí. Tá nasc ar chlé má tá scéilín agat nó má tá fonn ort ceist a ardú linn.
Iarratais á lorg
A) Scéim Fhorbartha na nEalaíon 2006 (Scéim Mhaoinithe)
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar suim leo tionscadail nó seirbhísí ealaíona a fhorbairt/a sholáthar trí mheán na Gaeilge. Mar shampla: Tionscadail faoi stiúir ealaíontóra - treimhsí cónaithe – coimisiúin - ealaíon pobail – ceardlainn - siompósiamaí & taispeántais - leiriúcháin srl.
B) Scéim Sparanachtaí d'Ealaíontóirí 2006 Tá an scéim seo dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil d'Ealaíontóirí i bhforbairt a gceird.
Spriocdháta: 2 Feabhra 2007.
Tuilleadh eolais, foirm iarratais, critéar srl. ar fáil ó na hÁisitheoirí Ealaíona
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe (091)503100/ 503220 m.nidhroighneain@udaras.ie
An Daingean, Co. Chiarraí (066) 9150100 / (026) 453942 m.hearty@udaras.ie
Na Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall (074) 9560100 m.fearraigh@udaras.ie
Tá eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo dírithe ar phobal na Gaeltachta a chuir ar an eolas faoi ealaíontóirí atá sásta seirbhís a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge. Más ealaíontóir tú nó grúpa ealaíona sibh, atá ag feidhmiú in aon cheann de na réimsí ealaíona dúchasacha nó comhaimseartha, agus é ar bhur gcumas seirbhísí ealaíona a sholáthar trí mheán na Gaeilge ba mhaith linn deis a thabhairt daoibh bhur gcuid sonraí a chur ar Eolaire Ealaín na Gaeltachta Teo, ar an suíomh www.ealain.ie Dóibh seo atá cláraithe leis an suíomh cheanna féin is deis é seo chomh maith le bhur sonraí a thabhairt suas chun dáta.
Téigh i dteagmháil linn ag 091/503220 nó seol chugainn iad ag ealain@udaras.ie .
Ná dearmadaigí teagmháil a dhéanamh linn ag ealain@udaras.ie freisin má tá aon bhlúirín eolais agat ar mhaith leat a fhógairt an chéad mhí eile.
Fáilte curtha ag an gComhairle Ealaíon roimh bhunú an Choiste nua um na hEalaíona agus Oideachas
Tá fáilte curtha ag an gComhairle Ealaíon roimh bhunú an Choiste nua um na hEalaíona agus Oideachas. Ba iad an tUasal John O'Donoghue, TD, Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, agus an tUasal Mary Hanafin, TD, Aire Oideachais agus Eolaíochta a d'fhógair an scéal ar maidin. D'iarr na hAirí ar an gComhairle Ealaíon an Coiste a bhunú mar chomhlacht reachtúil a chuirfidh comhairle ar fáil faoi ábhair a bhaineann leis na healaíona agus oideachas.
De réir théarmaí tagartha an Choiste beifear ag cur comhairle ar fáil don Chomhairle Ealaíon ar conas is fearr straitéisí na Comhairle maidir le spreagadh agus cothú na n-ealaíon a chur in oiriúint do thosaíochtaí an chórais oideachais fhoirmiúil. Caithfidh an Coiste tuairisciú don Chomhairle Ealaíon faoi 1 Bealtaine 2007.
FÓGRAÍONN AN CHOMHAIRLE EALAÍON TIONSCNAMH ÚR CAMCHUAIRTE
€2 Mhilliún ar fáil don Tacaíocht D'fhógair an Chomhairle Ealaíon clár nua dhá bhliain inniu a thacóidh le camchuairteanna sna réimsí ealaíne ar fad, arbh ainm dó "Turgnamh na Camchuairte". Is é an spriocdháta d'iarratais don chiste turgnamhach seo ná 20 Nollaig 2006 agus 23 Feabhra 2007. Fógrófar spriocdhátaí eile do 2007 go luath san athbhliain.
Tá sonraí maidir leis na hiarratas ar shuíomh idirlín na Comhairle Ealaíon faoi láthair
Comhairle Chontae na Gaillimhe: Tá iarratas dhá lorg ag Comhairle Chontae an Gaillimhe i leith na scéime seo a leanas: Sparánacht Ealaíne, Oidhreacht & Teangan 2006: Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil ó Oifig Ealaíne an Chontae nó Oifigeach Forbartha na Gaeilge, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnon na Radharc, Gaillimh. Teil 091/509325 nó ríomhphost: poneachtain@cocogaillimh.ie Soriocdháta 15 Samhain 2006
Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag cuir painéal d’ealaíontóirí le chéile faoi láthair maidir leis an scéim Céadatáin don Ealaíon, maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Beidh siad ag tarraingt ó na réimsí seo a leanas, damhsa, ceol, drámaíocht, na dearc ealaíon, litríocht, na gníomh ealaíon agus scannánaíocht. Is idir €10,000 agus €64,000 a bhéas na coimisiúin. Tuilleadh eolais le fáil ó www.mayococo.ie nó ó Sally O’Leary af 094 90 47561 / soleary@mayococo.ie
Foláireamh – Spriocdháta do dheontais Cultúr Éirinn 15 Samhain http://www.cultureireland.com
Tá Cultúir 2007, togra maoinithe an tAontas Eorpach fógraithe anois agus tá deireadh le Cultúir 2000 Tá na foirmeacha iarratais, spriocdhátaí agus eolas ar fáil faoi láthair ón ngréasáin http://www.culture.info/
An Chomhairle Ealaíon: Ag eascrú as an gComhpháirtríocht ar son na nEalaíon, tá Clár nua Maoinithe fógartha ag an gComhairle Ealaíon. Is iad na cúig chlár maoinithe a chuirfear in ionad chlár deontas ioncaim na Comhairle Ealaíon ná
- Deontais do Chláir Bhliantúla
- Maoiniú Bliantúil
- Maoiniú Rialta
- Scéim na bhFéilte Beaga
- Tionscadail: Dámhachtainí Aonuaire
Casfaidh foireann na Comhairle Ealaíon le gach eagraíocht a fhaigheann maoiniú ioncaim reatha chun an clár maoinithe nua is fearr a oireann dá cuspóir agus dá riachtanais a phlé. Eagrófar na cruinnithe sin le linn na tréimhse Meán Fómhair 2006 go Márta 2007. Cuirfear treoirlínte agus mioneolas ar fáil i 2007 d'eagraíochtaí atá ag cur iarratais faoi bhráid na Comhairle Ealaíon den chéad uair. Tuilleadh eolais ón gComhairle Ealaíon 01 6180200
Tacaíocht d’Ealaíontóirí
An Dámhachtain Taistil agus Sothghluaisteachta Spriocdháta leanúnach
Dámhachtain Title-by-Title. Spriocdháta: 17 Samhain
DEIS Tá an Chomhairle Ealaíon fós ag glacadh le hiarratais do na hEalaíona Traidisiúnta faoin scéim DEIS. Má tá tuairim agat maidir le togra a fhorbairt sna réimsí seo is fiú duit fiosrú a dhéanamh le Cliona Lawton sa Chomhairle Ealaíon agus cuirfidh sí sa treo ceart tú. (Is mar seo a shainmhínítear na healaíona traidisiúnta: ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, mar shampla an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte.) Scéim Ealaíon Traidisiúnta: Fón: + 3531 618 0202 R.phost: traditionalarts@artscouncil.ie Spriocdháta: Leanúnach
Deiseanna eile
Comórtas Idirnáisiúnta Féile Filíochta/ International Poetry Competition 2006 uais €5,000. Spriocdháta 11 Samhain 2006 Liosta na moltóirí, rialacha agus foirmeacha iontrála le fáil ach glaoch air 01 78 1788/00 353 (1) 278 1792 nó ó cpeoples@dlrcoco.ie; mkeyes@dlrcoco.ie Tuileadh eolais: http://www.dlrcoco.ie/feile/feile06/index.html
Arts & Disability Ireland 2006: Duaiseanna agus Lá Eolais agus Comhairle
Clár sparánachtaí is ea Arts & Disability Awards Ireland a fhreastalaíonn ar ealaíontóirí míchumasaithe i dTuaisceart agus i bPoblacht Éireann. Cuimsíonn sé na foirmeacha ealaíne go léir. Tá sé d'aidhm aige féith na cruthaitheachta agus na samhlaíochta a chothú agus cabhrú le healaíontóirí míchumasaithe a n-acmhainn iomlán a bhaint amach trí thiosncadail nuálacha a chur i gcrích agus sárchaighdeáin a bhaint amach sna healaíona. Is féidir le gach iarratasóir uasmhéid (timpeall.) 7000 euro a lorg.
Tá an clár á mhaoiniú ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ag an gComhairle Ealaíon abhus. Is é an Arts & Disability Forum i mBéal Feirste a dhéanann é a riar. Bronntar breis agus 71,000 euro in aghaidh na bliana ar ealaíontóirí míchumasaithe ar fud na hÉireann.
Is é an chéad spriocdháta iarratais eile Dé Céadaoin 22 Samhain 2006.
Tuilleadh eolais Gillian Porter
Fón: 028 9023 9450
R.phost: gillian@adf.ie
Gréasán: http://www.adf.ie/awards.htm
Duais an Golden Fleece. Suas le E20,000 le baint amach ag ealaíontóirí ceardaíochta agus péinteáil traidisiúnta tuilleadh eolais ó www.goldenfleeceaward.com
|
Tionscadal na gComharsan Ceilteach agus Tionól Dhún na nGall ''Ceangal’ Beidh Tionól Dhún na nGall – ‘Ceangal’ – ar siúl i nGaeltacht Dhún na nGall ón Déardaoin 23ú go dtí an 25ú Samhain 2006. Le linn na tionóla, tabharfar chun suntais cuid de na samplaí is fearr de na gníomhaíochtaí ealaíon agus cultúrtha atá ag tarlú sa tsaol Gaelach – in Éirinn agus in Albain araon – agus i measc na bpobal Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Beidh sé mar phríomhchuspóir na Tionóla scileanna, dea-chleachtas agus smaointe cruthaitheacha a roinnt agus a mhalartú idir na grúpaí cultúrtha ó na trí réigiún, trí chur i láthair agus trí saincheisteanna a chaibidil, le béim ar leith ar an obair atáthar a dhéanamh sna teangacha dúchasascha Le tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Ceangal’ nó faoi Thionscadal na gComharsan Ceilteach, faigh i dteagmháil le: Mícheál Ó Fearraigh Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall Teil. (074) 9560100Ríomhphost: m.fearraigh@udaras.ie
Cruinniú – Seminar . Cén chaoi le gairm beatha a bhaint amach sna healaíon traidisiúnta: 9 -10 Samhain- www;glor.ie
Cré na Gaeilge
Tá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag eagrú sraith léachtaí ag díriú ar an gcóras oideachais, cearta agus stádas, na Gaeltachta agus litríocht na Gaeilge - an ithir as a n-eascróidh athfhás na Gaeilge sa 21ú aois. Beidh na léachtaí ar siúl sa Seomra Léachta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Beidh córas aistriúcháin chomhuainigh in úsáid.
7 Samhain
Helen Ó Murchú, MA, MEd, Oideachas do Shaoránaigh
14 Samhain
Séamus Ó Tuathail AS, An Teanga Bheo: Cearta, Stádas, Urraim
20 Samhain
Dr Peadar Ó Flatharta, An Ghaeltacht agus Gaeilge sa 21ú Aois
5 Nollaig
Dr Máirín Nic Eoin, Ó Cadhain, Kafka agus Litríocht Uirbeach na Gaeilge.
Tuilleadh Eolais: adelaide@comhdhail.ie
Seolfaidh an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta Comhdháil bliaintiúil (AOIFE) ‘The Association of Irish Festival Events’ in Inis Tíomóin, Déardaoin 9ú Samhain ag 6.30 i.n. Beidh an Comhdháil ar siúil ar feadh 3 lá ón Déardaoin 9 Samhain go dtí Dé Sathairn 11Samhain
Déanfaidh cainteoirí ó Éirinn, an Eoraip, na Stáit Aontaithe plé ar cheisteanna urraíochta, có ordnú agus reachtála féilte, na meáin cumarsáide, ról agus feidhmiú an bhord. Tuilleadh eolais ó 090 9643779 or www.aoifeonline
Oireachtas na Samhna Céadaoin - Domhnach, 1 - 5 Samhain 2006,Doire
Féile Ealaíne Phort Láirge ‘Imagine’ 26 Deireadh Fómhair–6 Samhain http://www.waterfordartsfestival.com
Féile Opera Loch Garman, 25 Deireadh Fómhair–5 Samhain http://wexfordopera.com/pages/2006festival
Féile Scannánaíochta an Óige (Jumior Film Fleadh ) 07 -11 Samhain www.juniorfilmfleadh.com
Deireadh Seachtaine Patrick Kavanagh www.patrickkavanahcounty.ie
Féile Sionna - Ceol traidisiúnta & Ceol Domhanda - Cathair Luimnigh 11 -20 Samhain
Féile Scannánaíochta ‘Seagate’ ( Seagate Foyle Film Festival) Doire www.foylefilmfestival.com
Seachtain na Gaeilge 2007: Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007: I mbliana tá coicís iomlán i gceist don fhéile ón 3ú - 17ú Márta.
Spriocdhátaí:
Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaí a bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe ar an Suíomh
22-12-06
Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár
19-01-07
Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhair thacaíochta
26-01-07
Dáta deiridh le haghaidh iarratais na gcomórtas
29-03-07
Cláraigh ó mhí na Samhna ar aghaidh ar an Suíomh www.snag.ie
Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star.
Bainisteoir Ionad Ealaiona faoi oiliúint
(Béal an Mhuirthead) Tá Ionad Ealaíona Iorras Teo. ag tabhairt deis do dhuine le líofacht Gaeilge a bhfuil spéis aige/aici oiliúint a fháil mar Bhainisteoir Ionad Ealaiona. Mairfidh an tréimse oiliúna suas le trí bliana agus beidh idir cúrsaí foirmeálta agus taithí praiticiúil i gceist leis an oiliúint seo. Cáilíochtaí: Duine le cáiliocht 3ú leibhéil in ábhar gnó nó ealaíona, nó duine a léirionn tosaíochtaí le cur chuige praiticiúil ar obair le choistí deonacha, grúpaí ealaíona agus ar scéimeanna nó tograí forbartha pobail atá ag teastáil.
Íocfar tuarastal de reir taithí agus cumais. (Scála €28,000 - €35,000)Cuirtear iarratais le CV tráth nach déanaí ná 3ú Samhain
Má tá tuilleadh eolais uait, cuir e-phost chuig : belmulletartscentre@eircom.net
Teaspántais TULCA Gaillimh – 3 – 24 Samhain
Beidh taispeántas ealaíne le Bob ó Cathail ar siúl in Airfield House, Dúndróma,Baile Átha Cliath, 15ú Mí na Samhna -03 Nollaig 2006 . www.bobcahill.com
Gailearaí Stronach, Fermoyle Lodge, Casla Conamara. www.stronachgallery.com
Naisc / Achmhainní/Eolas bhreise |
Creative Edge (Audio) - iris nua ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí gairmiúla
Iris ar dlúthdhiosca le haghaidh aisteoirí agus oibrithe gairmiúla eile i réimse an téatair is ea Creative Edge. Tá gné-ailt ann chomh maith le hagallaimh a bhaineann le hobair a aimsiú sa téatar, sa teilifís, sna scannáin, san athghuthú agus i réimsí eile siamsaíochta. Tá 12 dlúthdhiosca i Sraith 1, atá ar fáil in Éirinn anois. Tá agallaimh ann leis na daoine a mbíonn orthu cinneadh a dhéanamh, cuir i gcás roghnóirí aisteoirí agus stiúrthóirí scannáin, téatair agus teilifíse. Labhraíonn siad go hionraic faoi roghnú aisteoirí, margaíocht, aisteoireacht, athghuthú srl.Tuilleadh eolais: Gréasán: http://www.creativeedgeaudio.com
Albam nua ó John Spillane agus Louis de Paor - The Gaelic Hit Factory
The Gaelic Hit Factory is teideal d’albam nua le John Spillane agus Louis de Paor atá eisithe ar lipéad EMI agus tá sé ar fáil sna siopaí anois.
Cinegael - Tá saothar scannánaíochta Cinegael (BobQuinn) ar fáil don chéad uair ar DVD - a leithéid Phoitín, Atlantean, Budawanny, Splanc Dheireadh na Gaeltachta, Damhsa an Deoraí, Cloch, ó www.conamara.org nó óCinegael, Tuairín, Béal an Daingin, Conamara.
Soiscéal Pháraic 8 i.n gach Déardaoin ar TG4. Tá Soisceal Pháraic ar an bhfód le ceithre shéasúr anois agus is é an taon chlár ealaíona sa tír a bhfuil á chraoladh ag príomh am ar an dteilifís. Clár seachtainiúil léirmheasa ar shaol na n-ealaíon in Éirinn agus a mbaineann leis. Is é Páraic Breathnach a bhíonn sa chathaoir agus ní chuireann sé féin ná a phainéal saineolaithe fiacail ina mbreithiúnas. Tagann idir ealaín, institiúidí, eagrais, údair agus ealaíontóirí faoina mbreithiúnas agus beidh tuairiscí rialta ó gach cearn den tír ar fáil i gcláir an tséasúir seo mar aon le hoirfidigh stiúideo nuair a bhíonn sin ar fáil. Leiritheoir Sraithe Martina Durac
Má bhíonn tuilleaadh eolas ni gá ach glaoch ar Loopline Film 01 6676617 nó chur riomhphost ag ssceal@loopline.com.
http://www.artscouncil.ie/irish/index.htm An Chomhairle Ealaíon
http://www.vaireland.org Suíomh acmhainneach maidir le chuile ghné de na healaíona
http://www.visualartists.ie/ Suíomh acmhainneach maidir leis na dearcealaíona
http://www.poetryireland.ieSuíomh Éigse Éireann.
http://www.communityartsireland.com/Suíomh tacaíochta maidir le hEalaíon Pobal.
http://www.aoifeonline.com Suíomh tacaíochta maidir le heagrú féilte
http://www.cultureireland.gov.ie Cur chun cinn na nealaíon thar lear agus comhpháirtíocht idirnáisúnta a chothú. Fógraítear deontais ceithre huaire in aghaidh na bliana. An chéad spriocdháta eile, 14 Lúnasa
http://www.business2arts.ie
http://ec.europa.eu/grants/index_en.htm#cult suíomh achmhainneach maidir le deontais, cistí agus cláir an Aontais Eorpaigh
|