Vacancy: Co-ordinator in the traditional arts for young people

Tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag fógairt post mar Comhordaitheoir sna hEalaíon Dúchasacha don Óige.

Sa chás seo is ionann na healaíona dúchasacha agus na rudaí seo leanas: ceol uirlise, amhránaíocht Ghaeilge, na healaíona béil (agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus damhsa. Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aici/aige i réimse na forbartha agus oiliúna sna healaíon dúchasacha nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

VIEW PDF

 

Comhordaitheoir sna hEalaíon Dúchasacha don Óige

(Post ar chonradh 3 bliana)

Tá Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta Teo. ag comhoibriú leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (RCOG) leis an bheart i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022, Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chun tacú le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht agus cur chun cinn an phróisis pleanála teanga a chur i bhfeidhm. Chuige sin, tá Ealaín (na Gaeltachta) Teo. ag fógairt post mar Comhordaitheoir sna hEalaíon Dúchasacha don Óige.

Sa chás seo is ionann na healaíona dúchasacha agus na rudaí seo leanas: ceol uirlise, amhránaíocht Ghaeilge, na healaíona béil (agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht) agus damhsa. Duine cumasach a bhfuil taithí agus cáilíochtaí aici/aige i réimse na forbartha agus oiliúna sna healaíon dúchasacha nó in ábhar gaolmhar atá á lorg.

Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine leis an taithí agus na cáilíochtaí seo a leanas:

  • Líofacht Gaeilge labhartha agus cruinneas Gaeilge scríofa
  • Saineolas i gcúrsaí forbartha agus oiliúna i réimse na n-ealaíon dúchasacha
  • Ard chumas eagrúcháin, riaracháin agus i mbainistiú tograí.
  • Tuiscint ar chuntasaíocht / leabharchoimeád.
  • Eolas ar chomhthéacs agus polasaithe do na healaíona in Éirinn.
  • Sárscileanna cumarsáide agus ríomhaireachta

Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Ard- Oifig Údarás na Gaeltachta i nGaillimh ach dá bharr go bhfuil cúram don Ghaeltacht ina iomláine i gceist beidh spás oibre sealadach curtha ar fáil don té a cheapfar in oifigí réigiúnach an Údaráis chomh maith.
Beidh an conradh ar feadh treimhse 3 bliana agus íocfar scála tuarastail idir €48,000 agus €56,000 sa bhliain ag brath ar cháilíochtaí agus taithí. Beidh taistil i gceist leis an phost, mar sin ní mór d’iarratasóirí ceadúnas tiomána oiriúnach a bheith acu.

Seol iarratas mar aon le CV, chuig:
Feidhmeannach Forbartha na nEalaíon, Údarás na Gaeltachta, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall roimh 4.00 i.n ar an Luan 5 Samhain 2018
Ta breis eolais agus sonraí poist ar fáil ach teagmháil a dhéanamh.
Teil: (074) 95 60100 R-phost: ealain@udaras.ie